Coill Thuar Mhic Éadaigh : Stair Úinéireachta

Coill Thuar Mhic Éadaigh : Stair Úinéireachta

Tá stair úinéireacht Choill Tuar Mhic Éadaigh ag dul siar go dtí ré na dTiarnaí Talún. Bhí an talamh na coille faoi úinéireacht George Moore, fear, a deirtear, a bhí ina Thiarna Talún “maith”.

Mar gheall ar an iarracht chun cúnamh a thabhairt dá chuid tionóntaí i rith an Ghorta Mhóir, thit sé i bhféimheacht agus bhí air cuid dá thalamh a dhíol. Cheannaigh Tomás Pluincéid an talamh i dTuar Mhic Éadaigh ó Moore.

Ba mhinic le Tiarnaí Talún ag an am crainnte a bhíodh coitianta i Sasana a chur anseo, mar sin ní crainnte áitiúla atá le feiceáil i go leor coillte i Maigh Eo.

Bhí an choill seo curtha ag na Tiarnaí Talún. Tá an Teach Mór, Lóiste Tuar Mhic Éadaigh, i lár na coille. Fear darbh ainm MacAinsh an t-úinéir príobháideach deireanach a bhí ar an gcoill. Fuair sé úinéireacht na coille ó Roinn na Talún i 1958/1959. Tá Coill Thuar Mhic Éadaigh anois faoi chúram na heagraíochta “Coillte”.