Baile an Tobair

Is mainistir ríoga í Mainistir Bhaile an Tobair atá i gContae Mhuigh Eo in Éirinn. Ba é Rí Craobhdearg Uí Chonchubhair a bhunaigh í sa bhliain 1216. Tá sé ráite gurb é an t-aon séipéal in Éirinn a bhí bunaithe ag rí agus atá fós á úsáid go rialta.
Ainneoin go raibh sé curtha faoi chois agus gur déanadh damáiste dó le linn an Reifirméisean, lean Caitlicigh ag úsáid na mainistreach seo le linn na Péindlithe. Athchóiríodh an séipéal agus cuireadh díon nua air in am do chomóradh 750 bliain bunaithe na mainistreach sa bhliain 1966. In 1997 athchóiríodh Teach na Caibidle agus limistéar an Dórtúir agus cuireadh díon orthu. Tá sé beartaithe athchóiriú a dhéanamh ar an sciathán thoir ar fad roimh cheiliúradh an ocht gcéid in 2016.

Directions from Ballintubber (B) to Tourmakeady (A)


Tá roinnt rudaí suimiúla le feiceáil taobh amuigh den mhainistir, ina measc sin turas na croise, Mainséar buan agus slí an phaidrín. Tá músaem beag ann freisin. Tá sé ráite go bhfuil Seán na Sagart, fear a bhíodh ag déanamh géarleanúint ar shagairt, curtha ann, thíos faoin gcrann mór ansin. Phós Pierce Brosnan san áit. Is í an tsean-mhainistir túsphointe an tslí oilithreachta go cruach Phádraig ar a dtugtar Tochar Phádraig a bhí ligthe i ndearmad le fada ach atá anois beo arís mar oilithreacht trasna na tíre agus mar shiúlóid thurasóireachta.

Click Here to view some Images of Ballintubber Abbey: