Céad míle fáilte go Tourmakeady

Siúlóid Shléibhte i dTuair Mhic Éadaigh:

Tá Tuar Mhic Éadaigh suite ag bun Sléibhte Partraí, taobh thiar de Loch Measca. Tá an timpeallacht go hálainn le breathnú uirthi agus níl tada níos fearr ná siúlóid sa tráthnóna, nó siúlóid sléibhe do té ar maith leis a dhéanamh. Rinne an grúpa turasóireachta áitiúil mapáil ar chuid de na siúlóidí ó Fhionnaithe go Tuar Mhic Éadaigh. Ba é Joe McDermott a rinne na mapaí. Talamh portaigh is mó atá sna sléibhte. Ciallaíonn portach talamh bog, rud atá a bhfuil a fhios ag chuile siúlóir sléibhte faoi.
(Tá cóipeanna de na léarscáileanna le fáil ón Oifig Turasóireachta áitiúil. Tá na léarscáileanna seo suas go dáta, ach níl ghlacann Grúpa Turasóireachta Tuar Mhic Éadaigh freagracht as caillteanas, gortú nó aon mhíthapa a tharlaíonn de bharr úsáid ná mapaí seo).

Siúlóid Uimhir 1 – Siúlóid Thuar Mhic Éadaigh:

Tá cheithre rogha ar an mapa seo. Tá an siúlóid is faide 8km ar fhad agus an ceann is giorra 5km. Níl aon dreapadh iontu agus tógann sé suas le dhá uair a chloig an siúlóid is faide a dhéanamh. Tá an siúlóid is giorra trí Choill Thuar Mhic Éadaigh ag dul thar eas mór taibhseach. Is féidir mionbhóithre a shiúl a thagann ar ais go Tuar Mhic Éadaigh. Is féidir meascán de na bóithre seo a úsáid le haghaidh siúlóid sa choill.