Céad míle fáilte go Tourmakeady

Siúlóid Shléibhte i dTuair Mhic Éadaigh:


Tá Tuar Mhic Éadaigh suite ag bun Sléibhte Partraí, taobh thiar de Loch Measca. Tá an timpeallacht go hálainn le breathnú uirthi agus níl tada níos fearr ná siúlóid sa tráthnóna, nó siúlóid sléibhe do té ar maith leis a dhéanamh. Rinne an grúpa turasóireachta áitiúil mapáil ar chuid de na siúlóidí ó Fhionnaithe go Tuar Mhic Éadaigh. Ba é Joe McDermott a rinne na mapaí. Talamh portaigh is mó atá sna sléibhte. Ciallaíonn portach talamh bog, rud atá a bhfuil a fhios ag chuile siúlóir sléibhte faoi.
(Tá cóipeanna de na léarscáileanna le fáil ón Oifig Turasóireachta áitiúil. Tá na léarscáileanna seo suas go dáta, ach níl ghlacann Grúpa Turasóireachta Tuar Mhic Éadaigh freagracht as caillteanas, gortú nó aon mhíthapa a tharlaíonn de bharr úsáid ná mapaí seo).

Siúlóid Uimhir 7 – Siúlóid Mhám Trasna:

Tosaigh ag an gcarrchlós agus téigh amach tríd an geata ag oscailt i dtreo sléibhte. Tá fána crochta ar thaobh an tsléibhe. Níl sé éasca an Scoltach a asimsiú agus ní mór a bheith cúramach ag teacht anuas droim Mám Trasna. Nuair atá tú sa ghleann tá sé éasca na bóithre portaigh a leanacht ag úsáid mapa agus comharthaí bóthar. Le haghaidh dreapadóirí a bhfuil dúshlán ag teastáil uathu, is féidir leo leanacht ar aghaidh go cnoc Mám Trasna. Óna bharr seo tá fána géar síos sa ghleann taobh le Abhainn Sraith na Long agus ar ais go dtí an bóthar. Ní cheart an tsiúlóid seo a thriall mura bhfuil taithí maith agat ag dreapadóireacht.