Céad míle fáilte go Tourmakeady

Siúlóid Shléibhte i dTuair Mhic Éadaigh:


Tá Tuar Mhic Éadaigh suite ag bun Sléibhte Partraí, taobh thiar de Loch Measca. Tá an timpeallacht go hálainn le breathnú uirthi agus níl tada níos fearr ná siúlóid sa tráthnóna, nó siúlóid sléibhe do té ar maith leis a dhéanamh. Rinne an grúpa turasóireachta áitiúil mapáil ar chuid de na siúlóidí ó Fhionnaithe go Tuar Mhic Éadaigh. Ba é Joe McDermott a rinne na mapaí. Talamh portaigh is mó atá sna sléibhte. Ciallaíonn portach talamh bog, rud atá a bhfuil a fhios ag chuile siúlóir sléibhte faoi.
(Tá cóipeanna de na léarscáileanna le fáil ón Oifig Turasóireachta áitiúil. Tá na léarscáileanna seo suas go dáta, ach níl ghlacann Grúpa Turasóireachta Tuar Mhic Éadaigh freagracht as caillteanas, gortú nó aon mhíthapa a tharlaíonn de bharr úsáid ná mapaí seo).

Siúlóid Uimhir 8 – Siúlóid Loch na Fuaiche:

Is siúlóid deas é seo, a théann timpeall an locha uilig. Tosaigh ag an gcarrchlós agus téigh soir an bóthair i dtreo Fionnaithe agus cas ar dheis i dtreo bóthar an phortaigh go dtí Droichead Abhainn Fionnaithe agus ansin tóg casadh géar i dtreo an tseantigh feirme. As seo is féidir bóthar an Locha a thógáil, sin nó leanacht ar aghaidh ar an ard. Téann cosán le taobh an locha ar feadh cúpla ciliméadar sula stopann sé. Bí cúramach ag dul trasna an tsrutha ag na tithe feirme, ag ceann thiar an locha. Tar éis seo tá an siúlóid éasca go maith ar ais go dtí an carrchlós.