Céad míle fáilte go Tourmakeady

Siúlóid Shléibhte i dTuair Mhic Éadaigh:


Tá Tuar Mhic Éadaigh suite ag bun Sléibhte Partraí, taobh thiar de Loch Measca. Tá an timpeallacht go hálainn le breathnú uirthi agus níl tada níos fearr ná siúlóid sa tráthnóna, nó siúlóid sléibhe do té ar maith leis a dhéanamh. Rinne an grúpa turasóireachta áitiúil mapáil ar chuid de na siúlóidí ó Fhionnaithe go Tuar Mhic Éadaigh. Ba é Joe McDermott a rinne na mapaí. Talamh portaigh is mó atá sna sléibhte. Ciallaíonn portach talamh bog, rud atá a bhfuil a fhios ag chuile siúlóir sléibhte faoi.
(Tá cóipeanna de na léarscáileanna le fáil ón Oifig Turasóireachta áitiúil. Tá na léarscáileanna seo suas go dáta, ach níl ghlacann Grúpa Turasóireachta Tuar Mhic Éadaigh freagracht as caillteanas, gortú nó aon mhíthapa a tharlaíonn de bharr úsáid ná mapaí seo).

Siúlóid Uimhir 6 – Siúlóid Loch na Deirce Móire:

Tosaigh ag an siopa agus lean ar aghaidh siar ó dheas ar an mbóthar ar feadh 1km. Cas ar dheis go dtí bóithrín a thugann beagnach chomh fada leis an loch thú. Is féidir siúl timpeall Loch Na Deirce Móire agus is féidir dreapadh suas ar thaobh An Bhocáin chun radharcanna a fháil ar thrí chomloch. Tá an fána ar taobh ó thuaidh den Bhocán thar a bheith dúshlánach agus ní cheart é a thriall le linn drochaimsire. Siúlóir gan mórán cleachtadh, ba cheart dó/di bóthar an phortaigh a thógáil taobh le Loch na Deirce Bige.