Céad míle fáilte go Tourmakeady

Siúlóid Shléibhte i dTuair Mhic Éadaigh:

Tá Tuar Mhic Éadaigh suite ag bun Sléibhte Partraí, taobh thiar de Loch Measca. Tá an timpeallacht go hálainn le breathnú uirthi agus níl tada níos fearr ná siúlóid sa tráthnóna, nó siúlóid sléibhe do té ar maith leis a dhéanamh. Rinne an grúpa turasóireachta áitiúil mapáil ar chuid de na siúlóidí ó Fhionnaithe go Tuar Mhic Éadaigh. Ba é Joe McDermott a rinne na mapaí. Talamh portaigh is mó atá sna sléibhte. Ciallaíonn portach talamh bog, rud atá a bhfuil a fhios ag chuile siúlóir sléibhte faoi. (Tá cóipeanna de na léarscáileanna le fáil ón Oifig Turasóireachta áitiúil. Tá na léarscáileanna seo suas go dáta, ach níl ghlacann Grúpa Turasóireachta Tuar Mhic Éadaigh freagracht as caillteanas, gortú nó aon mhíthapa a tharlaíonn de bharr úsáid ná mapaí seo).

Siúlóid Uimhir 2 – Siúlóid Dhroim Chagaidh:

Ag tosú ag an gcarr chlós le taobh an locha, tóg an bóthar ciúin a imíonn trí na sléibhte. Tá radharcanna álainn ar chuile thaobh, go háirithe Cruach Phádraig san Iarthuaisceart. Ní gá ach dreapadh de 100 méadar chun barr Droim Chagaidh a shroicheadh. I gceo nó scamall b’fhearr compás a thabhairt leat. Téann an bóthar 3km trasna na sléibhte, taobh leis an ionad glanta uisce agus ar ais go dtí an bóthar. Tá bealach eile ann atá beagáinín níos faide: dul siar ó thuaidh go dtí go dtagann tú chuig bóthar eile a chuireann fad leis an siúlóid. Cuireann sé seo suas le 5km leis an siúlóid.