Céad míle fáilte go Tourmakeady

Siúlóid Shléibhte i dTuair Mhic Éadaigh:


Tá Tuar Mhic Éadaigh suite ag bun Sléibhte Partraí, taobh thiar de Loch Measca. Tá an timpeallacht go hálainn le breathnú uirthi agus níl tada níos fearr ná siúlóid sa tráthnóna, nó siúlóid sléibhe do té ar maith leis a dhéanamh. Rinne an grúpa turasóireachta áitiúil mapáil ar chuid de na siúlóidí ó Fhionnaithe go Tuar Mhic Éadaigh. Ba é Joe McDermott a rinne na mapaí. Talamh portaigh is mó atá sna sléibhte. Ciallaíonn portach talamh bog, rud atá a bhfuil a fhios ag chuile siúlóir sléibhte faoi.
(Tá cóipeanna de na léarscáileanna le fáil ón Oifig Turasóireachta áitiúil. Tá na léarscáileanna seo suas go dáta, ach níl ghlacann Grúpa Turasóireachta Tuar Mhic Éadaigh freagracht as caillteanas, gortú nó aon mhíthapa a tharlaíonn de bharr úsáid ná mapaí seo).

Siúlóid Uimhir 5 – Siúlóid Pháirc an Doire:

Is siúlóid ar bhóthar miotalach é seo ar a bhfuil fíor-bheagán dreapadh le déanamh. Tá radharcanna iontacha ann, ar Loch Measca san Oir-Dheisceart agus san Iarthair ar Shléibhte Partraí. Roinneann Abhainn Bhrain an siúlóid ina dhá chuid: déanann sé draenáil ar an ardchlár san Iarthair. Is féidir láidreacht an uisce san abhainn a fheiceáil i ndiaidh tuillte leis an méid gainimh agus láibe a thugann an t-uisce aníos ó na sléibhte. Bíonn go leor den talamh íseal idir an bóthar agus an loch lán le láib agus gaineamh. Tá comhartha ann le thú a threorú go dtí an láthair phicnic taobh leis an loch, an taobh eile de Oileán na Lachan.