LE TOMAS Ó DONNCHADHA,
TAMHNACH
An ndeacha tú riamh an bóthar ón tSraith go
Tuar Mhic Éadaigh,
A leitheid de radharc álainn ní fhacas féin ariamh,
De áilleacht cnoic is sleíbhte, crainnte coillte is scáth na ngéaga.
Ach baineann sé an barr dhó -- Loch Mease imeasc na sliabh.
Loch Mease na n-oileán gleoite is Coláiste Muire Thuar Mhic Éadaigh,
Tá scoláirí a fáil leánn ann a thugan leo an barr,
Scolaireachta chuile bhliain as, ábhar bróid do mhuinteoirí,
'S é taobh ar thaobh sa bpictiúir seo Loch Mease imeasc na Sliabh.
An Loichín aoibhinn álainn ta maorga íochtmhar cáirdiuil.
A thugann strainséiri is bádoirí ón mor roinn chuicí aniar,
Le iascaireacht is siamsa má thagann tu i mbliana,
Ní dheanfá choíche dearmad ar Loch Mease imeasc na sliabh.
Ta na caoirigh ar thaobh sléibhe ann, méileach uan ar an léana.
An chrotach casaoideach bagarthach is glaoigh an chircín fraoigh,
Ta an sionnach rua faoi altán is an giorria faoin tortóg ann,
Ag cuidiú leis an áilleacht sin ag Loch Mease imeasc na sliabh.
Ag dul thrú Thuar Mhic Éadaigh dhom sea thosaigh mé ag smaoineach,
Ar an té sheas fód le Dubhchrónaigh i mbliain naoi deág fiche a h-aon,
Fágaim slán is beannacht dóibh, flaitheas Dé go dtugtar dóibh.
Ar thit ar thaobh Loch Measca ata suite imeasc na sliabh,
An Brianach calma dána nar ghéill ariamh do námhaid,
A thit ar thaobh an tsléibhe ann an lá a tugadh an cath mhór,
Is an buachaill óg ó Fiannaí a thit ó dheas de chroigheann an aonaigh,
A Thuar Mhic Éadaigh tá tú stairiuíl is Loch Mease imeasc na sliabh.
Ashford íontach uaibhreach ata suite anseo linn cóngarach,
Is droichead nua na tsnámha faoina ngluaiseann an loch aniar,
Cá h-íonadh an tiarna Artúir titim fein i ngrá leis,
An Loichín aoibhinn álainn seo atá suite imeasc na sliabh.
Ta caint mhór ar Chill Áirne is Gleann Dá Loch le fána,
Radharcanna Chill Mantáin is an ceantar sin máguairt,
Ach sé tús agus críoch mo dhánsa mo rogha féin da bhfaíghinnse,
Ba é Loch Mease is Tuar Mhic Éadaigh é ata suite imeasc na sliabh.