back

Cath Tuar Mhic Éadaigh


Ar maidin Dé Máirt an chnoc Thuar na bhFód,
Chuala mé an bubhall seidte,
Bhí pudar's gran is pileir go leor,
A gcaitheadh ar dhroim na sleibhte.
Gan magadh na greann tháinig pian i mo cheann,
'S mo chuid fola ag dul thrí na chéile,
Cur shíleas ar ndó nach mbeadh aon nduine beo,
As seo go Tuar Mhic Éadaigh.

Tríd Dhoire Mhór tháinig go leor
D'arm Shéain Bhú gan fáilte,
Nár bhfearr dhóibh ag ól i Liverpool thall,
Na ar mhullach na sleibhte fagtha,
Dúirt oifigeach mór a bhí dilís don choróin
Nach bhfagfadh sé beo mac máthair
Ach chuaigh pillirí luaidh ina phutóga broghach,
'S ní fhéic fidhear é aris san áit seo.

Tháinig eagla ar mo chroi 's é á tíocht chun mo thí,
Ag iarraidh na dí 's é ag pleascadh,
Ach bhí sean canna stain amuigh ar an tsráid
'S thug mé deoch do as linn na ngeabha.
D'Agair sé arís go bhfaighinn rud eigin mín
Le cur ar a chroí is plastar
Ach fuair mé ceamhas den líon a raibh deilgne thríd,
'S nar dhoiligh dhó an óiche a sharú.

Ar dhroim Raith an Óir bhí an briseadh ba mhó,
Ag caitheamh ar lom an tséidte,
Ach ag tíocht an trathnóna bhí muidne ag ghnóthachan,
'S na saighduiri granna feachta.
Mas Sasannach é nó fear as South Wales,
B'fearr do nach bhfeicfeadh sé an áit seo,
Ní raibh aige le fáil ach pudar 's gran,
Nár chruaidh iad le dhu ina chaoille.

Ar an Leargan lom gan claí gan chaoilicí tom,
Sea chuala mé glaoch an "Sinn Féiner"
"Buailligí go cruaidh 's na failligí an uair
Beidh againne an lá ar aon chor. "
Is gairid gur ghluais na Sasannaigh anuas,
Ag tiomáint go gear ar Éirinn,
'S ar LLoyd George a chur lad anall,
Ag cumhdach poilios da mb'féidir.

Saol fada le séan ag na buachaillí trean,
A rinne ár gcás a reiteach,
'S a dhibhir fir Sheáin as Éire go brach,
Ba surach e a ndí is a mbeasa.
Se an "Volunteer" a chruthaigh go fíor
'S a choinnigh a chuid fear le chéile,
Nár fhágaí sa tír aon bhearic poilios,
'S dheamhain cleite acu i dTuar Mhic Éadaigh.

MICHEAL O hÉANACHÁIN (Curly),

Gortbhun a' Chuillin, Tuar Mhic Éadaigh

back